‘Ba chóir duit náire a bheith ort,’ a dúirt a hathair léi, ‘agus tú ag ullmhú do scrúdú na hArdteistiméireachta i mbliana!’ Níor lig siad di scríobh chuig Diarmaid a thuilleadh. Tháinig litir eile uaidh, ach nuair nach bhfuair sé freagra uaithi, tháinig deireadh leis na litreacha. Anois bhíodar chun cosc a chur uirthi dul chuig teach a seanmháthar. ‘Níl tusa chun dul chuig do sheanmháthair i d’aonar arís agus sin sin,’ a dúirt a máthair.
Lean Pádraigín uirthi ag caoineadh. Bhí sí i ndeireadh na feide. Ba é teach a seanmháthar an t-aon áit amháin a raibh faoiseamh le fáil aici. Bhí a seomra féin aici ann. Bhí sí in ann teacht agus imeacht aon uair ba mhaith léi. Bhí sí féin agus a Mamó an-cheanúil ar a chéile. Bhí tuiscint eatarthu. Thug a Mamó spás di. Ní raibh sí riamh faoi chuing na daoirse i dteach a Mamó.
anymore they were going to
at her wits’ end
very fond oppressed
Stop sí de bheith ag caoineadh. Dhírigh sí í féin aniar sa bhinse. Rinne sí rún daingean. Scríobhfadh sí chuig a Mamó agus chuirfeadh sí in iúl di gur theastaigh uaithi saoire a chaitheamh léi arís i mbliana. Dá dtabharfadh a Mamó cuireadh di teacht ar cuairt chuici, ní fhéadfadh a tuismitheoirí cur ina coinne. Bheadh sí in ann mí a chaitheamh i dteannta a Mamó. Agus bheadh spás aici. Agus bheadh deis aici bualadh le Diarmaid arís agus a scéal go léir a mhíniú dó.
Bhuail an cloigín amuigh sa dorchla. Bhí deireadh leis an rang Fraincise. Ní raibh ach rang amháin fágtha – an rang Gaeilge, a rogha ábhar – agus bheadh sí ag dul abhaile don deireadh seachtaine. Lig sí osna eile. Ach osna áthais a bhí ann an t-am seo.