Léigh na trí alt ghearra seo. Tá dhá cheann fíor ach tá ceann amháin bréagach. Cén ceann é? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
CÚLSTÁITSE TAR ÉIS ATHRÚ VICIPÉIDE!
D’éirigh le fear óg dul cúlstáitse i gceolchoirm U2 i Minnesota nuair a rinne sé athrú beag ar a leathanach Vicipéide. Scríobh an fear, Mark Hewson, gur deartháir le Bono (Paul Hewson) é. Ansin, thaispeáin sé an leathanach Vicipéide agus a chárta aitheantais don gharda slándála agus ligeadh isteach é!
Foclóir Foghlamtha!
Bhuaigh Nigel Richards as an Nua-Shéalainn comórtas náisiúnta Scrabble na Fraince, cé nach bhfuil sé ábalta an Fhraincis a labhairt! Conas? D’fhoghlaim sé foclóir Fraincise de ghlanmheabhair laistigh de naoi seachtaine. Níor thuig sé focal ar bith de, áfach!
Fóin Ceadaithe i bPictiúrlanna!
Tá an comhlacht pictiúrlainne Meiriceánach AMC Entertainment tar éis cead a thabhairt do dhaoine óga a bhfón a úsáid sa phictiúrlann. Thuig siad nach féidir le daoine óga a bhfón a choimeád ina bpóca le linn scannáin. Mar sin, d’oscail siad hallaí éisteachta speisialta dóibh ar fud na tíre.
Stór focal saorchead isteach athrú beag
cárta aitheantais Bí ag caint!
I ngrúpa, pléigh na ceisteanna seo. 1. Conas a d’éirigh le Mark Hewson dul cúlstáitse? 2. Conas a bhuaigh Nigel Richards comórtas Scrabble na Fraince? 3. Cén réiteach atá ag AMC Entertainment d’úsáideoirí fón?
Taighde agus scríobh
Scríobh trí cheannlíne neamhghnácha: dhá cheann atá fíor agus ceann amháin atá bréagach. Taispeáin na ceannlínte do dhaoine eile sa rang. An bhfuil siad ábalta an bréagscéal a aithint?
Táim in ann bréagscéalta nuachta a phlé. céad ochtó a haon 181