Imrímid go leor spóirt in Éirinn. Tá clú agus cáil ar na cluichí Gaelacha ar fud an domhain. Is iad sin peil Ghaelach, iománaíocht, camógaíocht agus liathróid láimhe.
Peil Ghaelach Iománaíocht
Camógaíocht Páirc an Chrócaigh
Is é Páirc an Chrócaigh an staid is mó in Éirinn agus an tríú staid is mó san Eoraip. Tá sé suite i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Cheannaigh an Cumann Lúthchleas Gael an staid i 1913 ar £3,500. D’athraigh siad an t-ainm ó Jones Road Sports Ground go Páirc an Chrócaigh, in onóir an Ardeaspaig Thomas Croke.
Rinne an Cumann forbairt mhór ar an staid. Anois, tá áit sa staid do bheagnach 83,000 duine. Chomh maith leis sin tá músaem, bialanna, oifigí agus turas spéirlíne ann.
Gan aon agó, is iad na Cluichí Ceannais sa pheil, san iománaíocht agus sa chamógaíocht buaicphointí na bliana. Bíonn ócáidí móra eile ann freisin, áfach. Mar shampla, bíonn ceolchoirmeacha móra ar siúl ann go rialta. Le blianta beaga anuas, sheinn U2, Ed Sheeran, One Direction, Beyoncé agus Taylor Swift ann. Bhí cluichí na Sé Náisiún, cluichí sacair agus cluichí pheil Mheiriceánach ar siúl ann freisin.