1. Cén fáth a dtugtar ‘Oileán Iathghlas na Cairibe’ ar Mhontsarat?
2. Tabhair dhá shampla de shloinnte Éireannacha agus dhá shampla de logainmneacha Éireannacha ar an oileán.
3. Cá fhad a mhaireann Féile Phádraig ar an oileán seo?
4. Conas a cheiliúrann siad Féile Phádraig? Is leor dhá phointe eolas.
5. Cad a fhaigheann tú i do phas nuair a thagann tú isteach ar an oileán?
Léirthuiscint
1. Céard iad na rudaí sa téacs is mó a chuaigh i bhfeidhm (impressed) ort? Cén fáth? Is leor dhá phointe eolais.
2. Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar Mhontsarat? Bí ag caint!
Conas a cheiliúrann tú agus do theaghlach Lá Fhéile Pádraig? Pléigh an cheist seo i ngrúpa. Bain úsáid as an stór focal thíos.
Stór focal
Naomh Pádraig, éarlamh na hÉireann
seamróga
nathracha (nimhe) turasóirí
gléasta suas
St Patrick, patron saint of Ireland
shamrocks
snakes (venomous) tourists
dressed up
Paráid Lá Fhéile Pádraig
leipreacháin pota óir Aifreann céilí mór
St Patrick’s Day Parade
leprechauns pot of gold Mass
céilí mór
Taighde agus cur i láthair
Roghnaigh áit amháin taobh amuigh d’Éirinn ina gceiliúrann na daoine Lá Fhéile Pádraig, seachas Montsarat. Conas a cheiliúrann siad an lá? Dear cur i láthair ar an bhféile ar PowerPoint nó Prezi. Léirigh os comhair an ranga é.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar imeachtaí Lá Fhéile Pádraig. trí chéad daichead a cúig 345