E. Athscríobh na briathra idir lúibíní san Aimsir Chaite i do chóipleabhar (sb = saorbhriathar). 1. An [abair: sb] ____________ leat go mbeidh mé ann?
2. [Faigh: sibh] ____________ tolg nua inné. 3. Ní [bí: mé] ____________ sásta ar chor ar bith. 4. Níor [tar: siad] ____________ abhaile go dtí a naoi. 5. Cathain a [bí: sí] ____________ ann? 6. Cén fáth ar [tabhair: siad] ____________ na gréithe leo? 7. [Beir: sí] ____________ ar a mála agus [téigh: sí] ____________ abhaile. 8. Ní [feic: sí] ____________ tada ach [feic: mise] ____________ é. 9. Níor [clois: sb] ____________ an fothram ach [feic: sb] ____________ an solas. 10. [Tabhair: sé] ____________ obair dúinn ach ní [déan: muid] ____________ é.
F. Tá tú ag caitheamh trí mhí i bPáras le do theaghlach. Scríobh litir/ríomhphost chuig do chara ag insint dó/di faoin gcathair. Téigh ar líne chun tuilleadh eolais faoi Pháras a léamh. Luaigh na pointí seo: • An ceantar • Na hionaid siopadóireachta • Na háiseanna
• Na fadhbanna • Cathain a bheidh tú ar ais in Éirinn.
Traic 25–26 Cluastuiscint
Éist le Tadhg agus le hEibhlín ag caint faoina gceantar. Cloisfidh tú an taifeadadh faoi dhó. Líon isteach an t-eolas atá á lorg i do chóipleabhar.
An Chéad Chainteoir Ainm
1. Cén contae ina bhfuil Tadhg ina chónaí?
2. Cén sórt baile é Luíne?
3. Cá dtéann siad chun an tsiopadóireacht a dhéanamh?
4. Liostaigh dhá rud áille i Sligeach, dar le Tadhg.
An Dara Cainteoir Ainm
1. Cén contae ina bhfuil Doire Fhíonáin suite?
2. Cad a dhéanann Eibhlín chun an t-am a mheilt (pass)? Luaigh dhá rud.
3. Cá ndéanann Eibhlín an cúrsa scríbhneoireachta?
4. Cad a thruaillíonn an t-aer, dar le hEibhlín?
céad caoga a naoi 159
(i) (ii)
(i) (ii)
Eibhlín Ní Chonaill Tadhg Ó hUiginn
Script: leathanach 106 de do Leabhar Gníomhaíochta.