SINÉAD (ag breathnú thart, agus ag caint lena dlíodóir): Níl Seosamh tagtha fós.
(Siúlann sí sall le labhairt leis na hógánaigh eile.) SINÉAD:
Cá bhfuil Seosamh? PÁDRAIG:
Bhí mé ag caint leis ar maidin agus dúirt sé rud éigin faoina cheamara agus rith sé leis.
SINÉAD (imní uirthi): An ceamara! Bhí dearmad déanta agam de sin! Tá mé cinnte gur fhág sé ar an bportach é!
(Ní thuigeann Pádraig an chaint seo faoi cheamara agus casann sé ar ais chuig na hógánaigh eile le searradh dá ghuaillí. Téann SINÉAD ar ais go dtí a dlíodóir agus cuma bhuartha uirthi.
Éiríonn CLÉIREACH NA CÚIRTE.) CLÉIREACH:
Seasaigí don Bhreitheamh!
(Tagann an BREITHEAMH isteach. Seasann sé taobh thiar den bhord ar feadh nóiméid. Suíonn sé. Suíonn na daoine eile a bhfuil suíocháin ann dóibh.)
BREITHEAMH: CLÉIREACH:
BREITHEAMH: Móra dhaoibh! Cad é an chéad chás ar maidin?
Cás dumpála. Is iad Séamus agus Peadairín na cosantóirí, a Dhuine Uasail.
Céard é an cás in aghaidh na ndaoine ainmnithe?
MAC UÍ GHRÍOFA: Is é an cás, a Dhuine Uasail, gur chaith na daoine ainmnithe bruscar ar an bportach go mídhleathach, agus go bhfaca scata daoine óga iad á dhéanamh.
BREITHEAMH: An bhfuil na daoine óga sin i láthair?
(Breathnaíonn MAC UÍ GHRÍOFA ar Shinéad agus cuireann ceist uirthi os íseal. Freagraíonn sí é os íseal.)
MAC UÍ GHRÍOFA: Tá ceathrar den seisear a chonaic iad anseo, a Dhuine Uasail.