Tá an cainéal teilifíse Gaeilge 24 (G24) ag lorg iarratas ó dhaoine óga chun obair a dhéanamh mar chomhfhreagraí leantóirí (fan correspondent) ar chlár teilifíse do dhaoine óga. Léigh an fógra thíos. Ar mhaith leat an post seo a fháil?
Comhfhreagraí Leantóirí
Ar mhaith leat a bheith i do chomhfhreagraí leantóirí do G24?
Ar mhaith leat ceoltóirí agus aisteoirí cáiliúla a chur faoi agallamh ar fud na tíre?
Ar mhaith leat dul go dtí na ceolchoirmeacha is fearr agus na scannáin is deireanaí?
Bhuel, ná téigh níos faide! Ullmhaigh script 60 soicind fút féin, déan taifead de agus roinn ar ár gcuntas Facebook nó Instagram é.
Caibidil 2
I d’fhíseán, freagair na ceisteanna seo: z Cad is ainm duit, cén aois thú agus cad as duit? z Cén sórt duine thú? z Cad ba mhaith leat a dhéanamh nuair a bheidh tú níos sine? z Cén réalta cheoil nó réalta scannáin is fearr leat agus cén fáth? z Cén fáth ar mhaith leat an post seo a fháil?
Ná déan dearmad ar na haischlibeanna #comórtasG24 agus #postG24
Punann 2.3 Léigh na treoracha sa phóstaer agus cuir isteach ar an bpost! Ullmhaigh script agus déan físeán díot féin. Tá teimpléad do script ar fáil ar leathanach 16 de do phunann.
Táim in ann script a ullmhú agus físeán fúm féin a thaifeadadh. caoga a seacht 57