BÉALTRIAIL Dhá Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
Magda 1. Cén t-ainm atá ort? Magda an t-ainm atá orm.
2. Cén aois thú? Tá mé ceithre bliana déag d’aois.
3. Déan cur síos ort féin. Táim cuíosach ard agus tanaí. Tá gruaig dhíreach fhada orm ach uaireanta bíonn trilseáin i mo chuid gruaige. Uaireanta bíonn sé fionn agus uaireanta eile bíonn sé donn! Braitheann sé.
4. Cén sórt duine thú? Deir mo chairde go bhfuil mé greannmhar agus fuinniúil.
5. Cár rugadh agus cár tógadh thú?
Rugadh agus tógadh mé in Krakow na Polainne ach bhog mé go Corcaigh nuair a bhí mé ceithre bliana d’aois. Tá mé an-bhródúil as an dá chathair.
6. Cé mhéad duine atá i do theaghlach?
Tá ceathrar againn sa bhaile. Mo Mham, mo sheanmháthair agus mo dheartháir Jan. Tá Jan cúpla bliain níos óige ná mé. Réitímid go han-mhaith le chéile.
7. Cén sórt daoine iad do theaghlach? Tá siad cineálta, cabhrach agus macánta. Oibríonn siad go dian dícheallach.
8. Cén phearsa phoiblí a bhfuil meas mór agat air/uirthi?
Hmm. Tá an-mheas agam ar Monika Lewczuk. Is breá liom Grzegorz Hy˙zy freisin. Is ceoltóirí den scoth iad.
Scríobh
Fíor nó bréagach? Ceartaigh na habairtí bréagacha i do chóipleabhar. 1. Tá Magda cuíosach ard agus tanaí.
2. Deir cairde Magda go bhfuil sí leadránach agus dearmadach. 3. Rugadh Magda i bPoblacht na Seice.
4. Tá teaghlach Magda santach, drochbhéasach agus leisciúil. 5. Oibríonn teaghlach Magda go dian.
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Magda (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.