Tá go leor seónna déanta ag Hector ach is do TG4 a rinne sé a chéad seó. Thaistil sé ar fud an domhain ina chlár Amú le Hector. Tá go leor seónna curtha i láthair aige ar RTÉ, i102–104FM agus Today FM. Tá go leor duaiseanna náisiúnta buaite aige freisin.
Mairéad Ní Chuaig
Thosaigh Mairéad Ní Chuaig mar láithreoir aimsire ar TG4. Tar éis tamaill, d’éirigh léi a seó féin a fháil. Sa seó sin, thaistil sí ar fud an domhain ag obair i dtíortha éagsúla. Wwoofáil an t-ainm atá ar an seó. An í Mairéad an chéad réalta teilifíse eile a bheidh againn in Éirinn?
Stór focal mana
á chraoladh láithreoir
motto
broadcasting it presenter
thug … faoi deara noticed ó shin i leith
T 8 Taighde agus cur i láthair
Téigh ar líne chun tuilleadh a fhoghlaim faoi dhuine amháin de na pearsana teilifíse a oibríonn nó a d’oibrigh le TG4. Dear póstaer faoi/fúithi. Is féidir leat póstaer digiteach a dhearadh ar www.canva.com.
Cuir an póstaer i láthair an ranga. Féinmheasúnú
Cad iad na príomhscileanna a d’úsáid tú nuair a rinne tú an taighde agus an cur i láthair? Roghnaigh ceithre cinn ón liosta ar leathanach vii agus luaigh conas a d’úsáid tú iad.