BÉALTRIAIL Dhá Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat. Aisling 1. Cén sórt saoirí a thaitníonn leat?
Is aoibhinn liom saoirí ghréine cois trá. Bíonn siad galánta! Níl a dhath is fearr liom ná an lá ar fad a chaitheamh ag ligean mo scíthe ar an trá agus ag sú na gréine.
2. An rachaidh tú ar saoire i mbliana?
Rachaidh, cinnte. Rachaimid go dtí an Iodáil i mí Iúil.
3. Cé a rachaidh in éineacht leat?
Rachaidh mo theaghlach in éineacht liom.
4. Cá fhad a fhanfaidh sibh ann? Fanfaimid dhá sheachtain ann. 5. Cad a dhéanfaidh sibh ann? Bhuel, beidh neart le déanamh.
Binn Ghulbain
Rachaimid ag snámh gach lá ar ndóigh – sa linn snámha nó san fharraige. Ba bhreá liom dul amach i mbád ar feadh tamaill freisin. Bheadh sé sin ar fheabhas. Táim ag tnúth go mór leis an mbia Iodálach freisin. Íosfaidh mé pizza agus pasta gach lá!
6. An ndeachaigh tú ar saoire in Éirinn riamh?
Chuaigh, cúpla uair. Anuraidh, thug mise agus mo theaghlach cuairt ar Shligeach. D’fhanamar i dteach lóistín ar an Leathros. Rinne mé cúrsa surfála nuair a bhí mé ann. Dhreapamar Binn Ghulbain freisin – bhí na radhairc go hálainn.
7. Cá fhad a d’fhan sibh ann? Chaitheamar deireadh seachtaine saoire bainc ann. 8. Ar bhain sibh sult as? Bhaineamar an-sult as an tsaoire.
Scríobh Fíor nó bréagach?
1. Taitníonn saoirí gréine le hAisling. 2. Ní fhágfaidh Aisling Éire i mbliana.
3. Ba bhreá le hAisling turas báid a dhéanamh. 4. Dhreap Aisling an Earagail anuraidh.
5. Níor thaitin a saoire i Sligeach ar chor ar bith le hAisling. Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Aisling (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.