Thart ar 500 AD, bhí cónaí ar go leor Éireannach i lonnaíochtaí ciorclacha. Tugaimid ‘ráth’ nó ‘lios’ ar an gcineál lonnaíochta seo. Bhíodh banc cré timpeall an rátha chun na daoine agus na hainmhithe a chosaint ó chreachadóirí, cosúil le mic tíre.
Ráth an tSratha, Co. Ros Comáin
In iarthar na hÉireann, thógadh daoine ráthanna le clocha. Tugaimid ‘caiseal’ nó ‘cathair’ ar an sórt lonnaíochta seo.
Grianán Ailigh, Co. Dhún na nGall
Bhí roinnt lonnaíochtaí an-tábhachtach, mar shampla lonnaíochtaí na ríthe. Tugaimid ‘dún’ ar an sórt lonnaíochta seo.
Dún Pádraig, Co. an Dúin
Is ó na lonnaíochta seo a fhaigheann go leor bailte in Éirinn a n-ainm. Mar shampla, Ráth Fearnáin, Caiseal, Cathair na Mart agus Dún Pádraig.