Is éard is brí le téama an amhráin ná an smaoineamh is tábhachtaí atá san amhrán. Léigh an freagra samplach seo agus freagair na ceisteanna.
Ceist shamplach:
Cad iad príomhthéamaí an amhráin ‘Fún Orm’? I gcás gach téama, tabhair fáth amháin le do fhreagra.
Freagra samplach:
Is iad ‘saoirse cainte’ agus ‘an Ghaeilge’ príomhthéamaí an amhráin ‘Fún Orm’.
Ar an gcéad dul síos, is téama tábhachtach í ‘saoirse cainte’. Is breá leis an liriceoir ceol a sheinm beo ar stáitse. Tugann sé seans dó labhairt amach gan scáth gan eagla. Mothaíonn sé níos cumhachtaí dá bharr. Ba cheart saoirse a bheith ag gach duine labhairt amach gan scáth gan eagla, dar leis.
Ar an dara dul síos, is téama tábhachtach é ‘an Ghaeilge’ freisin. Nascann an liriceoir an tsaoirse cainte leis an nGaeilge. Tugann teanga cumhacht dó. Le teanga, tá sé ábalta a chuid tuairimí a chur in iúl. Le teanga, tá sé ábalta liricí atá lán de bhrí a scríobh. Is í an Ghaeilge a theanga dhúchais agus sin an teanga is fearr leis.
everyone should have the freedom to
links
articulate; full of meaning
1. An maith leis an liriceoir ceol a sheinm beo ar stáitse? Cén fáth? 2. Cén tsaoirse ar cheart a bheith ag gach duine, dar leis an liriceoir? 3. Cén nasc a dhéanann an liriceoir? 4. Cén chumhacht a fhaigheann sé ó theanga? Is leor dhá phointe eolais.
An banna
Tá triúr ceoltóirí sa bhanna ceoil IMLÉ. Is iad sin an dordghiotáraí Cian Mac Cárthaigh, an t-amhránaí agus giotáraí Fergal Moloney agus an fíodóir focal MC Muipéad.