Caibidil 8 Íomhánna an amhráin: Léigh agus labhair
Léigh faoi íomhánna an amhráin. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile san amhrán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Cruthaíonn an liriceoir íomhánna trí chur síos a dhéanamh ar ghníomhartha éagsúla san amhrán ‘Fún Orm’. Cruthaíonn na gníomhartha seo íomhá dhifriúil in intinn gach duine.
various actions
‘déanaim gleo ag na gigeanna’
Is féidir linn an liriceoir a shamhlú ag léim suas is síos ar stáitse agus an lucht féachana ag canadh leis. Is féidir linn fuinneamh an cheoil a mhothú.
imagine
‘ag labhairt m’intinne’
Labhraíonn an file gan scáth gan eagla san amhrán seo. Dar leis, ba cheart an ceart seo a bheith ag gach duine.
fearlessly should
‘coinneoidh mé orm ag foghlaim’
Cuireann an liriceoir an-bhéim ar an bhfoghlaim san amhrán. Tá tábhacht ar leith ag baint le teangacha a fhoghlaim, dar leis.
Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón amhrán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn an íomhá seo. Cuir fotheideal (caption) leis an bpictiúr freisin.
Táim in ann tuiscint a léiriú ar scéal agus íomhánna an amhráin. trí chéad a haon déag 311 special importance