Sa chuid seo den ghearrscéal, tagann an teicneoir go dtí an siopa. Tá fadhb le meaisín an Lató. Tá dhá chóip de gach Quick Pick á phriontáil ach tá cód difriúil ag gach cóip. Ní thuigeann an teicneoir cad atá ag tarlú, ach tuigeann Emmet go maith.
D’ardaigh an teicneoir clúdach mheaisín ársa Lató an tsiopa agus bhreathnaigh isteach.
‘Níl an chuma air go bhfuil aon rud cearr go fisiciúil leis an meaisín. An mbíonn ort rolla nua páipéir a chur ann níos minice ná de ghnáth?’
Bhain Emmet croitheadh as a chloigeann.
Shéid an teicneoir anáil trína pholláirí. ‘Bhuel,’ ar sé agus é ag cur síos an chlúdaigh, ‘is é an rud is fearr ná an rud a thástáil. Ar mhiste leat líne Quick Pick a dhéanamh dom?’
Rinne Emmet amhlaidh, fuair an Quick Pick agus shín an duillín Lató chuig an teicneoir.
‘Cóip amháin a tháinig amach!’ arsa an teicneoir. Ba léir go raibh ionadh air. ‘Deir sé sa tuairisc ón gceanncheathrú go bhfuil gach líne Lató á roghnú faoi dhó sa siopa seo! Ní dóigh liom go bhfuil an t-eolas sa tuairisc i gceart. Ní bheadh gach uile chustaiméir ag ceannach ticéad sa bhreis leis na huimhreacha céanna don aon chluiche Lató! Ní bheadh ciall dá laghad leis sin!’
‘Ciall dá laghad,’ arsa Emmet. ‘Ach, nach bhféadfadh beirt chustaiméirí na huimhreacha céanna a roghnú?’
Rinne an teicneoir a mhachnamh air seo. ‘Cinnte, d’fhéadfadh sé go dtarlódh sé sin ó am go chéile, ach tá líne sa bhreis á ceannach gach uile uair don chluiche céanna agus níl ach íocaíocht amháin ag teacht isteach!’