LÉAMHTHUISCINT Triúr Ciarraíoch Cáiliúil Léigh Léigh na píosaí seo agus déan an cleachtadh a ghabhann leo. Michael Fassbender
Rugadh an t-aisteoir cáiliúil Michael Fassbender in Heidelberg na Gearmáine sa bhliain 1977. Is as an nGearmáin é a athair agus is as Contae Aontroma a mháthair. De réir dealraimh, ba é Mícheál Ó Coileáin a shin-seanuncail. Chas a thuismitheoirí ar a chéile i Londain. Nuair a bhí sé dhá bhliain
d’aois, d’aistrigh siad go Cill Airne. D’oscail siad bialann nua darbh ainm West End House. D’oibrigh a athair mar chócaire sa bhialann.
Nuair a bhí Michael óg, chaith sé a chuid laethanta samhraidh sa Ghearmáin. D’fhoghlaim sé Gearmáinis nuair a bhí sé ann, agus anois tá an Ghearmáinis ar a thoil aige. Labhair siad Gearmáinis in Éirinn freisin. Deir daoine go bhfuil sé dathúil, stuama agus cliste.
D’éirigh leis áit a fháil in go leor scannán éagsúil. Ainmníodh i gcomhair Oscar é don scannán 12 Years a Slave. Tá sé ina chónaí i Londain faoi láthair.
he managed to
met
Tom Crean
Rugadh Tom Crean i gCiarraí sa bhliain 1877. D’fhás sé aníos ar fheirm bheag in Abhainn an Scáil in iarthar Chiarraí ar leithinis Chorca Dhuibhne. Bhí deichniúr sa teaghlach. Chabhraigh Tom lena athair ar an bhfeirm. Labhair siad Gaeilge agus Béarla sa bhaile. Bhí sé réchúiseach agus éirimiúil.
Thug sé trí thuras ar an Antartach ina shaol. Nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois, chuaigh sé isteach sa Chabhlach Ríoga. Lig sé air go raibh sé sé bliana déag d’aois. I 1911, rinne sé iarracht an Mol Theas a bhaint amach. Bronnadh ‘Bonn Albert’ air tar éis an turais sin toisc go raibh sé chomh diongbháilte, cróga agus neamhleithleasach.
Nuair a tháinig deireadh lena chuid ama sa Chabhlach, d’fhill sé ar Chontae Chiarraí. D’oscail seisean agus a bhean chéile teach tábhairne nua darbh ainm South Pole Inn. Chaith sé saol ciúin ann agus fuair sé bás i 1938.