Léigh faoi íomhánna an dáin. Cén íomhá is fearr leat? An bhfeiceann tú aon íomhá eile sa dán? I ngrúpa, pléigh do thuairim.
Tá go leor íomhánna gléineacha sa dán ‘Stadeolaíocht’. vivid
‘Brúim cnaipe na haipe’
Is íomhá é seo a aithneoidh gach duine.
Is minic a bhímid sáite san fhón cliste. Ní thugaimid aird ar rudaí atá ag tarlú thart orainn. Déanaimid dearmad ar an saol mór.
Tá an file ag déanamh an ruda chéanna anseo. Tá sé ag féachaint ar a fhón agus ní fheiceann sé an bus ag dul thar bráid.
stuck; attention world
‘faighim radharc fíor-ama den tiománaí ag féachaint orm (is é ag tiomáint an bhus thar bráid) ar ardú mo chinn dom’
Tá an íomhá seo an-éasca a shamhlú. Chomh luath is a fhéachann an file suas, feiceann sé an bus. Tá tiománaí an bhus ag féachaint ar an bhfile freisin – is dócha go gceapann an tiománaí go bhfuil an file ag fanacht ar bhus eile.
Taighde agus scríobh
Roghnaigh íomhá amháin ón dán a thaitníonn leat. Téigh ar líne agus aimsigh pictiúr a léiríonn an íomhá seo. Cuir fotheideal (caption) leis an bpictiúr freisin.
Táim in ann tuiscint a léiriú ar scéal agus íomhánna an dáin. fiche a naoi 29