Buntuiscint 1. Ainmnigh an fhéile. Tá an chéad cheann déanta duit.
Carnaval
2. Cathain a bhíonn Carnaval ar siúl? 3. Cén sórt pléaráca a bhíonn ar siúl le linn Carnaval? 4. Cé mhéad lá a mhaireann Féile Sinulog in Cebu? 5. Cad a cheiliúrtar le linn Fhéile Sinulog? 6. Cad a bhíonn ar siúl in Siena na hIodáile ar 16 Lúnasa? 7. Cén fáth a ritheann iomaitheoirí síos Cnoc Cooper le linn na Féile Rolladh Cáise? 8. Cad a dhéanann na Beirbeirigh le linn Fhéile Imilchil? Is leor dhá phointe eolais.
Léirthuiscint
Cén fhéile ar mhaith leatsa freastal uirthi? Tabhair dhá fháth le do thuairim. Pléigh do fhreagra leis an duine atá in aice leat.
Taighde agus cur i láthair
A. Téigh chuig www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/feilte/ agus féach ar liosta na bhféilte a bhíonn ar siúl in Éirinn. Cé na féilte a bhíonn ar siúl ar na dátaí seo? 6 Eanáir
6 Meitheamh
1 Aibreán 1 Bealtaine
an Domhnach deireanach de mhí Iúil 1 Samhain
B. Roghnaigh féile amháin. Cad a dhéanann daoine ar an bhféile sin? Dear cur i láthair ar an bhféile ar PowerPoint nó Prezi. Léirigh os comhair an ranga é.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar roinnt féilte idirnáisiúnta. trí chéad tríocha a seacht 337