D’fhoghlaim tú beagán faoi chlocha Oghaim i gCaibidil 1. Cineál scríbhneoireachta ab ea Ogham. Bhíodh Éireannaigh ag scríobh in Ogham idir 300 AD agus 800 AD.
Tá clocha Oghaim ón gcúigiú haois le feiceáil ar fud na tíre, go háirithe i gCiarraí agus i gCorcaigh. Tá go leor clocha Oghaim i músaeim ar fud na hÉireann anois.
De ghnáth, is ar chlocha cuimhneacháin a fheicimid Ogham sa lá atá inniu ann. Mar sin, is minic a bhíonn ainmneacha daoine mór-le-rá scríofa orthu. Féach an sampla seo as Ciarraí (suite in Áth Dara i Luimneach anois):
COILLABBOTAS MAQI CORBBI MAQI MOCOI QERAI Coillabus mac Corbos mac mhuintir Chiarraí Cáelbad, son of Corb, son of the people of Kerry