MAC UÍ DHROMA: Tá na cosantóirí ag tarraingt a gcáis siar agus ag admháil go bhfuil siad ciontach, a Dhuine Uasail.
BREITHEAMH:
Gearraim fíneáil ocht gcéad euro an duine oraibh.
(Imíonn MAC UÍ DHROMA, SÉAMUS agus PEADAIRÍN as an gcúirt.
Bualadh bos mór ó na hógánaigh, liú buach, agus ardaíonn siad a gcuid bratach.
Téann SINÉAD chuig Seosamh agus tugann lámh chúnta dó lena choinneáil ar a chosa agus iad ar an mbealach amach.
Breathnaíonn SINÉAD siar ar Éamonn Beag atá ina sheasamh leis féin agus cuma an-uaigneach air. Tugann sí comhartha dó lena cloigeann teacht leo agus ritheann sé chucu go háthasach.
Casann na gasúir uile a n-amhrán ar an mbealach amach, bratacha ar crochadh.)
Hurú! Hurú! Hurú! Cosc ar thruailliú! Deireadh le dumpáil, Deireadh le dumpáil, Fíneáil mhór inniu!