Na carachtair sa ghearrscéal: Léigh agus scríobh Léigh faoi na carachtair sa ghearrscéal agus freagair na ceisteanna.
Emmet
Is duine éirimiúil é Emmet. Deir Aoife go raibh sé ar an duine is fearr sa rang fisice, nuair a bhí siad ar scoil. Chomh maith leis sin, scríobhann sé ríomhchlár speisialta chun haiceáil isteach i meaisín an Lató.
Is duine glic agus mímhacánta é freisin. Goideann sé airgead ón Lató gach seachtain. Scríobhann sé an ríomhchlár speisialta. Ansin, faigheann sé post i siopa chun an meaisín Lató a úsáid. Priontálann sé cóipeanna de na Quick Picks buaiteacha dó féin agus bailíonn sé an t-airgead ó oifigí an Lató.
Is duine míchairdiúil é freisin. Níor mhaith leis bualadh le daoine ón scoil. Ní maith leis dea-scéalta daoine a chloisteáil.
the best person
computer program; to hack into steals
winning Quick Picks
meet people people’s stories
Aoife
Is duine cairdiúil gealgháireach í Aoife. Tosaíonn sí ag caint le hEmmet sa siopa. Tugann sí cuireadh dó dul chuig oíche na n-iarscoláirí.
Is duine glic agus cliste í freisin. Imríonn sí pócar go rialta agus fuair sí cuireadh chuig comórtas mór san Astráil. Chomh maith leis sin, tá a fhios aici go bhfuil Emmet ag déanamh rud éigin mímhacánta.
Is duine mímhacánta í freisin. Bíonn sí ag scimeáil as cuntais bhainc. Leanann sí Emmet agus haiceálann sí isteach ina chuntas bainc.