Is éard is brí le téama an dáin ná an smaoineamh is tábhachtaí atá sa dán. Léigh an freagra samplach seo agus freagair na ceisteanna.
Ceist shamplach:
Pléigh dhá théama sa dán ‘An Ghealach’. Mínigh do fhreagra. Freagra samplach:
Tá go leor téamaí sa dán ‘An Ghealach’. Pléitear dhá théama anseo: (i) ‘an gaol idir an ghealach agus an duine’ agus (ii) ‘ár dturas saoil’.
Sa dán seo, pléann an file an gaol idir an ghealach agus an duine. Tá an ghealach cumhachtach agus faighimid fuinneamh uaithi. Is réalta eolais í an ghealach. Bíonn sí ann i gcónaí. Gach áit a dtéimid, beidh sí ann.
Deir an file linn go bhfuilimid go léir ar turas saoil. Deir sí linn ár dturas saoil féin a dhéanamh. Tá ár ngealach féin, nó ár réalta eolais féin, istigh ionainn. Caithfimid í a leanúint.
1. Luaigh dhá théama sa dán ‘An Ghealach’. 2. Is ‘réalta eolais’ í an ghealach. Cén fáth? 3. Cad a deir an file linn?
relationship life journey
guiding light
An file
Is as Contae Mhuineacháin do Chaitríona Ní Chléirchín. Is file, criticeoir agus léachtóir le Gaeilge í. Tá dhá leabhar filíochta aici: Crithloinnir agus An Bhrídeach Sí.