Aistrigh na habairtí seo. 1. Dá mbuafá carn mór airgid, an gceannófá teach nua? 2. An bhfoghlaimeofá teanga nua dá mbeadh an t-am agat? 3. Dá mbeadh an t-am aige, mhaiseodh sé a theach le soilse Nollag. 4. D’athróinn an tír seo dá mbeinn i mo Thaoiseach. 5. Ní cheannófaí an ríomhaire sin dá mbeadh sé róchostasach.
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat. 1. Cad a cheannófá dá mbuafá carn mór airgid? 2. Cén post a roghnófá dá mbeadh an rogha agat? 3. Cá n-eitleofá dá gceannófá eitleán? 4. An bhfoghlaimeofá teanga eile dá mbeadh an rogha agat? Cén teanga? 5. An oibreofá le carthanas éigin dá mbeadh an deis agat? Cén carthanas?
Tá tuilleadh cleachtaí ar leathanach 388.
Táim in ann abairtí coinníollacha leis an focal ‘Dá’ a chumadh agus briathra rialta sa Mhodh Coinníollach a úsáid i gceart.
dhá chéad ochtó a naoi 289
Mhaiseoinn Mhaiseofá
Saorbhriathar Mhaiseofaí Diúltach
Mhaiseoimis Mhaiseodh sé/sí Mhaiseoidís
Ní mhaiseoinn/Ní mhaiseofaí An maiseoinn?/An maiseofaí?