Mar gheall ar an eisimirce, tá pobail Éireannacha ina gcónaí ar fud an domhain. Tugtar an ‘diaspóra’ ar na pobail seo.
Tá cáil ar roinnt áiteanna mar gheall ar thionchar na nÉireannach – mar shampla Bostún, Nua-Eabhrac agus Chicago i Meiriceá; Londain, Learpholl agus Manchain i Sasana; Glaschú in Albain; Sydney san Astráil; Talamh an Éisc agus Toronto i gCeanada; agus Buenos Aires san Airgintín.
Bíonn paráidí móra sna háiteanna seo Lá ’le Pádraig agus tá go leor clubanna Gaelacha iontu freisin.
Nua-Eabhrac
Talamh an Éisc
Stór focal daonra
Buenos Aires
population
eisimirce emigration an dubh the blight
T 6 Taighde agus cur i láthair
Déan taighde ar phobal Éireannach amháin lasmuigh d’Éirinn. Cruthaigh cur i láthair faoin bpobal ar PowerPoint nó Prezi. Ullmhaigh trí shleamhnán ar an áit féin agus trí shleamhnán ar an bpobal Éireannach atá ina gcónaí san áit.
Cuir na sleamhnáin i láthair an ranga.
Féinmheasúnú 1. An raibh sé éasca eolas a fháil ar phobal Éireannach lasmuigh d’Éirinn? Cé mhéad suíomh gréasáin a d’úsáid tú? Cad iad?
2. Samhlaigh go mbeidh ort níos mó taighde a dhéanamh ar an bpobal seo. (i) Scríobh trí chuardach Google a dhéanfaidh tú agus (ii) liostaigh trí shuíomh gréasáin a bheidh úsáideach.