Aistrigh na habairtí seo. 1. Ghlan siad na sráideanna arú inné. 2. Bhuail mé le m’aintín sa bhácús inné. 3. Ar fhás sí aníos i lár an bhaile mhóir? 4. Ar úsáid sibh an trealamh aclaíochta sa pháirc? 5. Sin an buachaill a bhuail an dochtúir!
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat. 1. Cad é an uair dheireanach a scuab tú an t-urlár? 2. Cad é an uair dheireanach a chroch tú amach an níochán? 3. Cad é an uair dheireanach a ghearr tú an féar? 4. Cad é an uair dheireanach a chuir tú na gréithe sa mhiasniteoir? 5. Cad é an uair dheireanach a thug tú an madra amach ag siúl?
124 céad fiche a ceathair
Glan (clean)
Leathan: briathar + … amar (muid) Uatha
Ghlan mé Ghlan tú
Ghlan sé/sí Glanadh
Iolra
Ghlanamar Ghlan sibh Ghlan siad
Níor ghlan/Níor glanadh Ar ghlan?/Ar glanadh?
Buail (hit)
Caol: briathar + … eamar (muid) Uatha
Bhuail mé Bhuail tú
Bhuail sé/sí Buaileadh
Iolra
Bhuaileamar Bhuail sibh Bhuail siad
Níor bhuail/Níor buaileadh Ar bhuail?/Ar buaileadh?
Fás (grow) Uatha
D’fhás mé D’fhás tú
D’fhás sé/sí Fásadh
Iolra
D’fhásamar D’fhás sibh D’fhás siad
Níor fhás/Níor fásadh Ar fhás?/Ar fásadh?
Úsáid (use) Uatha
D’úsáid mé D’úsáid tú
D’úsáid sé/sí Úsáideadh
Iolra
D’úsáideamar D’úsáid sibh D’úsáid siad
Níor úsáid/Níor úsáideadh Ar úsáid?/Ar úsáideadh?
*Saorbhriathar = ní luaitear an gníomhaí (the doer of the action isn’t mentioned).