FOCLÓIR Cineálacha Saoire Meaitseáil Meaitseáil na pictiúir leis na focail. 1 2 3 4
5
6
7
8
saoire sciála turas safari
saoire charthanachta sos cathrach
Meaitseáil Meaitseáil na cuir síos leis na cineálacha saoire.
1 Sleamhnóidh tú síos na sléibhte ar luas lasrach. Beidh sé folláin ach caithfidh tú a bheith cúramach!
2 Cabhróidh tú le daoine bochta. Déanfaidh tú difear mór i dtíortha bochta.
3 Feicfidh tú na radhairc chultúrtha is fearr agus tabharfaidh tú cuairt ar dhánlanna agus ar mhúsaeim.
4 Caithfidh tú an lá ar fad ag ligean do scíthe agus ag sú na gréine ar an trá.
5 Codlóidh tú i bpuball compordach agus bainfidh tú sult as an aer breá folláin.
6
Is í seo an tsaoire is saoire. Taistealóidh tú ó áit go háit ar bhus nó ar thraein. Codlóidh tú i mbrúnna óige agus buailfidh tú le go leor daoine óga eile.
7 Feicfidh tú ainmhithe allta ina ngnáthóg nádúrtha. Taistealóidh tú thart i jípeanna móra.
8 Dreapfaidh tú sléibhte agus bainfidh tú triail as ziplíneáil agus raftú bánuisce!