ÉISTEACHT Saol Ealaíontóra Fhóiréinsigh Meaitseáil Meaitseáil na huimhreacha leis na baill. Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie. 8
1 2 3 4
5
6 7
béal fabhra
cluas leiceann/pluc éadan mala
muineál polláirí smig
9 10 11 12
srón/gaosán súil fiacla
Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Oibríonn ealaíontóirí fóiréinseacha leis na póilíní. Labhraíonn siad leis na finnéithe agus ansin, tarraingíonn siad sceitsí de na hamhrastaigh. Is í Lois Gibson an t-ealaíontóir fóiréinseach is fearr ar domhan, dar le The Guinness Book of Records.
Rugadh Lois in Houston, Texas i 1950. Nuair a bhí sí aon bhliain is fiche d’aois, bhí sí ag obair mar dhamhsóir agus mar mhainicín i Los Angeles. Oíche amháin ionsaíodh í agus ba bheag nár dúnmharaíodh í. Ba ansin a shocraigh sí staidéar a dhéanamh ar an ealaín fhóiréinseach.
Ó shin i leith, chabhraigh sí leis na póilíní i Meiriceá chun beagnach 1,500 coir a réiteach! Ar mhaith leatsa oibriú mar ealaíontóir fóiréinseach?
1. Cén sórt oibre a dhéanann ealaíontóirí fóiréinseacha? 2. Luaigh trí phointe faoi shaol Lois Gibson.