Scríobh agus labhair Fíor nó bréagach? Pléigh do chuid freagraí leis an duine atá in aice leat.
1. Tá an file ag caint faoin ngealach sa dán seo. 2. Is rud álainn í an ghealach. 3. Tá an file ar turas i lár an lae.
4. Scaipeann an ghealach scáileanna. 5. Is fear álainn í an ghealach.
Scríobh Líon na bearnaí i do chóipleabhar.
spéartha eitlíonn spéirbhean
1. Is banríon na ____________ í an ghealach. 2. ____________ an ghealach roimh an bhfile. 3. ____________ an ghealach go hard sa spéir. 4. Tá an ____________ i mbaclainn na gealaí. 5. Is ____________ í an ghealach.
Scríobh agus labhair
Cad is brí leis na mothúcháin seo? Bain úsáid as d’fhoclóir nó as www.focloir.ie. Cén mothúchán is láidre sa dán seo, meas tú? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
áthas brón dóchas éadóchas fuinneamh imní ionadh eagla gliondar croí Cur i láthair
Dear póstaer faoin dán. Is féidir póstaer digiteach a chruthú freisin ar www.canva.com. Scríobh nó clóscríobh na focail ar an bpóstaer. Cuir pictiúir leis. Cuir an póstaer i láthair an ranga.
Táim in ann póstaer faoin dán a dhearadh. tír ritheann F B