F. Athscríobh na habairtí seo i do chóipleabhar. Ansin, aistrigh iad. 1. Tá súile gorma [ag: mé] ____________ agus tá gruaig rua [ar: mé] ____________. 2. Baineadh siar [as: muid] ____________ nuair a bhuaigh siad [ar: muid] ____________. 3. Tá eagla [ar: iad] ____________ [roimh: cait] ____________. 4. Bhí áthas [ar: é] ____________ nuair a tháinig an bheirt [ag: iad] ____________. 5. Tá muinín [ag: í] ____________ [as: Ciara] ____________. 6. An bhfuil bród [ar: sibh] ____________ [as: iad] ____________? 7. An gcuirfidh tú fáilte [roimh: é] ____________ nó an bhfuil eagla [ar: é] ____________ [roimh: é] ____________?
8. Tá dúshlán [faoi: muid] ____________ ach ní theipfidh [ar: muid] ____________.
G. Scríobh plean aiste agus alt oscailte ar phearsa phoiblí a bhfuil meas agat air/uirthi. Cluastuiscint
Traic 12–13
Éist le Constance agus le Tiobóid ag caint fúthu féin agus faoina dteaghlach. Cloisfidh tú an taifeadadh faoi dhó. Líon isteach an t-eolas atá á lorg i do chóipleabhar.
An Chéad Chainteoir Ainm
1. Cár rugadh Constance? 2. Cá bhfuil sí ina cónaí anois?
3. Cad is ainm dá deirfiúr? 4. Cén duine is óige sa teaghlach?
5. Cén sórt daoine a gcabhraíonn sí leo?
An Dara Cainteoir Ainm
1. Cár rugadh Tiobóid?
2. Cén páiste is sine ina theaghlach?
3. Cén breithlá atá aige?
4. Cén réaltchomhartha atá aige?
5. Cén sórt duine é? Constance de Gaor
Script: leathanach 102 de do Leabhar Gníomhaíochta.