Scéal an dáin: Léigh agus scríobh Léigh scéal an dáin agus freagair na ceisteanna.
Sa dán ‘Ceist na Teangan’, tá imní ar an bhfile faoin nGaeilge. Cuireann sí a dóchas don Ghaeilge i mbáidín beag, faoi mar a chuirfeá ‘naíonán / i gcliabhán’.
Leagann sí an báidín seo síos go han-chúramach ar bhruach abhann. Fanann sí chun féachaint cá rachaidh an bád. Níl a fhios aici cad a tharlóidh don bhád.
B’fhéidir go dtarlóidh an rud céanna dó agus a tharla do Mhaois. Sa scéal sin, cuireann máthair Mhaois i gcliabhán beag é. Ba mhaith léi é a shábháil ó Fharó na hÉigipte.
as you would put river bank; in order to see
as happened Moses
1. Cén chaoi a gcuireann an file a dóchas don Ghaeilge i mbáidín beag? 2. Cén fáth a bhfanann an file ar bhruach na habhann? 3. Cad a tharlaíonn i scéal Mhaois?
Teideal an dáin: Bí ag caint!
Cad is brí le teideal an dáin ‘Ceist na Teangan’, meas tú? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.