Léigh agus scríobh Léigh an comhrá seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis i do chóipleabhar.
Caibidil 2
Eva
Mícheál
Eva: Eva:
Haigh, a Mhichíl. Cén réaltchomhartha atá agat?
Mícheál: Réaltchomhartha? Níl a fhios agam, caithfidh mé a admháil. Ní thugaim aird ar bith ar chúrsaí mar sin.
Bhuel, cén dáta breithe atá agat?
Mícheál: Rugadh mé ar an dara lá déag d’Aibreán. Táim ceithre bliana déag d’aois. Eva:
Ó, an Reithe! Duine teasaí! Agus cén sórt duine thú?
Mícheál: Cén sórt duine mé? Sin ceist dheacair. Em, díograiseach, dílis – uaireanta bím beagáinín teasaí.
Eva: Eva: An bhfuil deartháir nó deirfiúr agat?
Mícheál: Tá beirt deirfiúracha agam ach níl aon deartháireacha agam. Eithne agus Fidelma is ainm dóibh. Is cúpla iad.
Cathain a rugadh iad?
Mícheál: Ar an gceathrú lá déag de Mheitheamh. Tá siad dhá bhliain déag d’aois anois. Eva:
Hmm. An Cúpla atá iontu. Tá sin greannmhar. Agus cén sórt daoine iad?
Mícheál: Tá siad réchúiseach agus an-chineálta. Eva:
Agus céard faoi thréithe diúltacha? Mícheál: Ó, níl aon tréithe diúltacha ar bith acu!
1. Cén réaltchomhartha atá ag Mícheál? 2. Cén sórt duine é?
Scríobh agus labhair
Scríobh comhrá idir beirt daltaí, Siobhán agus Denis. Tá Siobhán ag cur ceisteanna ar Denis faoina réaltchomhartha féin agus faoi réaltchomhartha a theaghlaigh. Úsáid an comhrá idir Eva agus Mícheál agus an stór focal ar leathanach 39 mar chabhair.
Léirigh an comhrá leis an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá ar d’fhón póca nó ar do ríomhaire.
Táim in ann caint faoi na réaltchomharthaí. daichead a naoi 49
3. Cén réaltchomhartha atá ag deirfiúracha Mhichíl? 4. Cén sórt daoine iad?