Buntuiscint 1. Cathain a cheiliúrtar Lá Fhéile Vailintín? 2. Cén sórt rudaí a rinne an tImpire Claudius II chun géarleanúint a dhéanamh ar an Eaglais? 3. Conas a chuir Vailintín fearg ar an Impire Claudius? 4. Cad a rinne an tImpire? 5. Cad a rinne leantóirí Vailintín lena chorp? 6. Cén fáth ar thug an Pápa cuid de thaisí Vailintín don Athair Spratt? 7. Cad a tógadh go speisialta do thaisí Vailintín in Eaglais Shráid na mBráithre Bána? 8. Cé a thugann cuairt ar an scrín seo gach 14 Feabhra? Cén fáth?
Léirthuiscint 1. Cén fáth ar chuir Claudius cosc ar shaighdiúirí óga pósadh, meas tú? 2. Ar mhaith leat cuairt a thabhairt ar Eaglais Shráid na mBráithre Bána?
Taighde agus cur i láthair
Gach 14 Feabhra, ceiliúrann daoine ar fud an domhain Lá Fhéile Vailintín. Tá go leor traidisiún eile ar fud an domhain, áfach. Déan taighde ar thraidisiún amháin – traidisiún a bhaineann nó nach mbaineann le creideamh (samplaí: Eid al-Fitr, Carnaval, Oíche Shamhna) – agus scríobh nótaí faoi na ceannteidil seo:
• Ainm an traidisiúin • Cathain a bhíonn an traidisiún ann • Na tíortha ina gceiliúrtar an traidisiún • Na rudaí a dhéanann daoine chun an traidisiún a cheiliúradh. Dear cur i láthair ar PowerPoint nó Prezi faoi. Léirigh os comhair an ranga é.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar stair Lá Fhéile Vailintín. trí chéad daichead a trí 343