Caibidil 2 Léigh Léigh an freagra samplach seo. Ceist shamplach:
An dtaitníonn an gearrscéal ‘Spás’ leat? Freagra samplach:
Taitníonn an gearrscéal ‘Spás’ go mór liom mar sílim go bhfuil teachtaireachtaí tábhachtacha ann.
Buailimid le Pádraigín ag tús an ghearrscéil. Tá athruithe móra tar éis tarlú ina saol le déanaí. Faraor, tá sé deacair do Phádraigín déileáil leis na hathruithe seo agus tagann brón agus imní uirthi. Déanann sí machnamh agus anailís ar a cuid fadhbanna. Tuigeann sí go bhfuil easpa spáis aici agus déanann sí plean. Is léir go bhfuil sé tábhachtach machnamh a dhéanamh ar fhadhbanna.
Chomh maith leis sin, ní labhraíonn Pádraigín le héinne eile faoi na fadhbanna. Ní labhraíonn sí lena tuismitheoirí. Ba cheart dóibh an fhadhb a phlé nó rachaidh cúrsaí chun donais. Sílim gur teachtaireacht thábhachtach é sin freisin.
reflection; analysis lack of space
they should or things will get worse
Punann 2.5
Samhlaigh gur cara le Pádraigín thú. Scríobh ríomhphost chuici chun comhairle a chur uirthi. Luaigh trí rud ar cheart do Phádraigín a dhéanamh.
Scríobh an chéad dréacht (draft) i do chóipleabhar. Ansin, léigh an seicliosta ar leathanach 21 de do phunann agus léigh siar ar do dhréacht. Ansin, athdhréachtaigh (redraft) an ríomhphost. Scríobh an leagan deiridh i do phunann ar leathanach 20.
Táim in ann anailís a dhéanamh ar an ngearrscéal seo agus idirghníomhú leis.