Léigh an t-alt idirlín seo. Inis don duine atá in aice leat dhá rud shuimiúla a d’fhoghlaim tú. www.fiontrach.com
Siblíní Fiontracha le Ursula de Blaghd Léiríonn na siblíní rathúla seo gur fíor an seanfhocal: ‘Ní neart go cur le chéile.’ Na deartháireacha Collison
Rugadh Patrick Collison ar 9 Meán Fómhair 1988. Rugadh a dheartháir John ar 6 Lúnasa 1990. Is as Tiobraid Árann ó dhúchas dóibh. D’fhreastail siad ar Ghaelscoil Aonach Urmhumhan agus ansin ar Choláiste Chaladh an Treoigh i Luimneach.
Tá gruaig ghearr rua ar Patrick agus tá gruaig ghearr dhonn ar John. Tá súile gorma geala ag an mbeirt acu.
In 2010, bhunaigh na deartháireacha an comhlacht mór ríomhaireachta Stripe. Is fiú $2 bhilliún iad anois.
Na deirfiúracha Manziaris
Is as Ceanada do Susanna and Linda Manziaris. Rugadh Susanna ar 12 Eanáir 1998 agus rugadh a deirfiúr óg ar 3 Nollaig 2000.
Tá gruaig fhada dhonn ar Susanna agus ar Linda. Tá súile gorma ag Susanna agus tá súile gormghlasa ag Linda.
Cabhraíonn na deirfiúracha le cailíní bochta ar fud an domhain chun oideachas a fháil. Bhunaigh Susanna an carthanas GirlsHelpingGirls in 2013 – nuair a bhí sí cúig bliana déag d’aois. Tá gnólacht seodra ag Linda agus bronnann sí 50% den bhrabús ar GirlsHelpingGirls.