Hurú! Hurú! Hurú! Deireadh le truailliú! Deireadh le dumpáil, Deireadh le dumpáil, Fíneáil mhór inniu!
(Éiríonn TADHG agus breathnaíonn sé an fhuinneog amach. Feiceann sé rud éigin a bhaineann geit as agus léiríonn sé é seo trí chnead beag a ligean agus lámh a chur lena smig.
Tagann DOIRSEOIR agus fógraíonn go bhfuil cuairteoir aige.) DOIRSEOIR:
An tUasal Seán Mac an Mháistir.
(Tagann SEÁN MAC AN MHÁISTIR isteach ag baint stuif buí dá aghaidh, é trí chéile agus ar buile.)
SEÁN (fós á ghlanadh féin): An bhfaca tú é sin? Na dailtíní sráide sin? Daoscarshlua! Ní féidir le comhairleoir siúl isteach ina oifig féin gan bheith faoi ionsaí! Céard tá á dhéanamh ag na tuismitheoirí? Easpa smachta! Céard tá ar siúl?
TADHG (duine tirim oifigiúil): De réir mar a thuigim, a Sheáin, tá siad ag éileamh go gcuirfí an dlí ar an dream a bhíonn ag dumpáil go mídhleathach. Ní ormsa an locht faoi sin.
SEÁN: TADHG:
An dlí? Cén meas atá acu siúd ar an dlí? Nach féidir leat fáil réidh leo?
Tá na Gardaí ag teacht le súil a choinneáil orthu.
SEÁN (le drochmheas): Le súil a choinneáil orthu. Dhéanfadh trí mhí i bpríosún maitheas don daoscarshlua sin.
TADHG (le miongháire rúnda): Tá mé ag ceapadh go bhfaca mé d’iníon ina measc.
SEÁN (preab bainte as): M’iníonsa! Ní féidir. Ag dul thar bráid a bhí sí, tá mé cinnte.
(Déanann TADHG miongháire ach ní deir sé dada.) past mob pollution dumpers