Nuair a bhog na daoine amach as na ráthanna, chreid siad gur bhog na ‘sióga’, nó ‘fairies’, isteach. B’fhéidir gur chuala tú an focal ‘bean sí’, nó ‘fairy woman’ i mBéarla.
Uaireanta, bhí na sióga cineálta ach uaireanta eile, bhí siad go holc. De réir na seanscéalta, d’fhuadaigh siad go leor daoine agus uaireanta, ghortaigh siad iad. Mar sin, bhí eagla ar dhaoine rompu.
Bean sí
Stór focal bhog
kind evil
moved
b’fhéidir maybe cineálta go holc
3
de réir
according to
seanscéalta old stories d’fhuadaigh kidnapped ghortaigh
injured
Taighde agus cur i láthair
Téigh chuig www.duchas.ie agus cuardaigh ‘sióga’ nó ‘fairies’. Léigh scéal amháin ón liosta. Breac síos nótaí. Ansin, cruthaigh leagan digiteach den scéal ar www.storyjumper.com.
Cuir an scéal i láthair an ranga.
Féinmheasúnú
I do thuairim, an raibh an cur i láthair seo deacair? Cén fáth? Tabhair dhá fháth le do thuairim.