Scríobh agus labhair I mbeirteanna, pléigh na ceisteanna seo. A. Cad is brí leis na cineálacha ceoil sa tábla?
B. Ainmnigh ceoltóir amháin nó banna ceoil amháin i ngach catagóir thíos.
ceol tíre rapcheol
ceol rince popcheol
snagcheol ceol clasaiceach
rac-cheol punc-cheol
miotal trom Scríobh agus labhair I ngrúpa, féach ar na pictiúir thíos. Cén sórt ceoil atá á sheinm acu, meas tú? Cuimhnigh!
ag seinm – píosa ceoil nó amhrán
ag imirt – spórt nó cluiche
ag súgradh – spraoi ginearálta
Taighde
Ar imir tú an cluiche ceoil Heardle (heardle.app) riamh? Is saineolaithe ceoil (music experts) iad na hÉireannaigh, de réir na staitisticí ó Heardle. Bain triail as. An saineolaí ceoil thú?