Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh. Is mise Eoin Pól. Is aoibhinn liom saoirí campála.
Chuaigh mé ar shaoire champála sa Fhrainc le mo theaghlach anuraidh. Chaitheamar seachtain ann. D’fhanamar i bpuball mór in ionad campála ollmhór.
Bhí an aimsir go hiontach ann. Bhí sé te agus grianmhar gach lá.
Bhí go leor le déanamh san ionad campála. Mar shampla, bhí páirc uisce ollmhór ann. Bhí trí linn snámha agus deich sleamhnán uisce sa pháirc! Bhí bialanna, siopaí, clós súgartha, páirceanna imeartha, boird leadóige agus cúirteanna leadóige ann.
i
Bhí baile beag gar don ionad campála freisin. Bhí siopaí de gach saghas agus trá álainn ann. Thaitin an trá go mór liom. Bhí an fharraige go hálainn. Chuamar ag surfáil lá amháin.
Bhí an bia an-bhlasta freisin. D’ith mé diúilicíní, cloicheáin, burgair, sceallóga agus go leor baguettes! Bhí brón orm an áit a fhágáil. Ba bhreá liom dul ar ais.
Stór focal puball
clós súgartha hái !
Ábhar Breise
tent
sleamhnán uisce water slide playground
boird leadóige table tennis tables diúilicíní
cloicheáin
mussels prawns
1. Cá ndeachaigh Eoin Pól lena theaghlach anuraidh? 2. Cá fhad a d’fhan siad ann? 3. Cár fhan siad? 4. Conas a bhí an aimsir san áit? 5. Cad a bhí sa pháirc uisce ollmhór? 6. Luaigh ceithre áis eile atá san ionad campála. 7. Déan cur síos ar an mbaile beag a bhí gar don ionad campála. Is leor dhá phointe eolais. 8. Cad a rinne siad lá amháin san fharraige? 9. Conas a bhí an bia san áit? 10. Tabhair sampla amháin a thugann le fios gur thaitin bia na Fraince le hEoin Pól.