Léigh agus éist leis an bpíosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis. Traic
35 Léigh, éist agus scríobh
Haigh, is mise Leah. Is í an léitheoireacht an caitheamh aimsire is fearr ar domhan. Cén fáth? Foghlaimíonn tú. Samhlaíonn tú. Ligeann tú do scíth.
Caithim go leor ama ag léamh. Léim i mo sheomra codlata san oíche. Léim sa leabharlann agus i siopaí leabhar. Éistim le closleabhair ar an mbus ar scoil fosta.
Is é The Hobbit le J.R.R. Tolkien an leabhar is fearr liom. Léigh mé an leagan Gaeilge fosta, An Hobad. Is breá liom iad mar tá siad corraitheach agus samhlaíoch.
Ceannaím leabhar nua gach cúpla seachtain sa siopa leabhar áitiúil. Faighim leabhair ar iasacht ón leabharlann go rialta fosta. Fuair mé Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin inné. Tosóidh mé á léamh amárach.
1. Cad í an caitheamh aimsire is fearr ar domhan, dar le Leah? Cén fáth? 2. Ainmnigh dhá áit ina léann Leah leabhair. 3. Cad é an leabhar is fearr le Leah? 4. Cén fáth a dtaitníonn The Hobbit le Leah? 5. Cá bhfaigheann Leah leabhair? Ainmnigh dhá áit.
Scríobh agus labhair Déan liosta de na trí leabhar is fearr leat. Cén fáth a dtaitníonn siad leat?
I gcás ceann amháin de na leabhair sin, scríobh trí abairt faoin bpríomhcharachtar (ainm, aois, tréithe ...). Inis don duine atá in aice leat.
Táim in ann labhairt faoi na leabhair is fearr liom. céad ochtó a haon 181 imagine