Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Tá nasc láidir idir Montsarat agus Éire. Tugtar ‘Oileán Iathghlas na Cairibe’ ar Mhontsarat.
Sa 17ú haois, tháinig go leor Éireannach agus Afracach anseo. Tá go leor sloinnte agus logainmneacha Éireannacha fós ar an oileán. Ar na
sloinnte sin tá ‘Hogan’, ‘O’Garro’ agus ‘Sweeney’. Ar na logainmneacha tá ‘Kinsale’, ‘St Patrick’s’ agus ‘Cork Hill’. Ólann muintir Mhontsarat deochanna Éireannacha agus itheann siad bia Éireannach.
Ceiliúrann muintir Mhontsarat Féile Phádraig gach bliain. Maireann an fhéile seachtain iomlán! Bíonn paráidí móra sráide acu agus seinneann ceoltóirí ceol Gaelach agus ceol Afracach. Caitheann daoine seamróga agus éadaí glasa freisin.
link Emerald Isle of the Caribbean
surnames; place names among the
drinks
last; parades play wear
1. Cad a thugtar ar Mhontsarat? 2. Cé a tháinig go Montsarat sa 17ú haois? 3. Ainmnigh dhá shloinne Éireannacha atá ar an oileán. 4. Ainmnigh dhá logainm Éireannacha atá ar an oileán. 5. Cá fhad a mhaireann Féile Phádraig ar Mhontsarat? 6. Luaigh dhá rud a dhéanann muintir Mhontsarat le linn na Féile Pádraig.
1 Cad a thugtar ar Mhontsarat? Taighde agus cur i láthair
Roghnaigh áit amháin taobh amuigh d’Éirinn ina gceiliúrann na daoine Lá Fhéile Pádraig. Conas a cheiliúrann siad an lá? Dear cur i láthair ar an bhféile ar PowerPoint nó Prezi. Léirigh os comhair an ranga é.
Bí ag caint! Ar mhaith leat dul go Montsarat? Cén fáth? Inis don duine atá in aice leat. Táim in ann cur síos a dhéanamh ar Lá Fhéile Pádraig. trí chéad fiche a haon 321