BÉALTRIAIL Agallamh Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cad is ainm duit? Brian is ainm dom. Ó Broin is sloinne dom.
2. Cén aois thú? Táim ceithre bliana déag d’aois. Beidh mé cúig bliana déag d’aois amárach!
3. Cén sórt gruaige atá ort? Tá gruaig ghearr chatach dhubh orm.
4. Cén dath súl atá agat? Tá súile móra donna agam.
5. Cén sórt duine thú? Táim cliste agus foighneach.
Brian
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sloinne atá ar Bhrian? 2. Cén aois é Brian? 3. Cén sórt gruaige atá air?
4. Cén dath súl atá aige? 5. Cén sórt duine é?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Brian (Ceisteanna 1–5) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna fúm féin a fhreagairt. 20 fiche