Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an dráma Gleann Álainn. Léigh an sliocht gearr thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an dráma agus ar an topaic seo.
PÁDRAIG:
Tá sé go hálainn ... An dtaitníonn an áit seo le gach uile dhuine?
GACH DUINE: Taitníonn! PÁDRAIG: Go hiontach! SEOSAMH: Sílim go rachaidh mise suas ar an ard, beidh radharc níos fearr ar na sléibhte ón áit sin.
Sa drama Gleann Álainn socraíonn beirt de na déagóirí dul suas ar chnoc agus pictiúir den radharc a tharraingt. Faraor, feiceann siad beirt fhear ag dumpáil sa ghleann.
Cá bhfuil an radharc is fearr i do cheantar féin? Cad is féidir a fheiceáil ón áit sin?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.