Labhair Léirigh an t-agallamh seo leis an duine atá in aice leat.
1. Cén sórt spóirt a thaitníonn leat? Taitníonn réimse leathan spóirt liom. Is maith liom iománaíocht agus leadóg. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom an sacar.
2. Cén fáth? Is maith liom é mar tá sé tapa agus sciliúil.
3. An imríonn tú spórt? Imrím. Imrím sacar, iománaíocht agus leadóg.
4. Cé chomh minic is a imríonn tú spórt? Imrím spórt gach lá. Imrím sacar le mo chlub áitiúil. Imrím iománaíocht le mo chairde sa pháirc áitiúil agus le club CLG.
5. An maith leat a bheith ag féachaint ar spórt? Is breá liom a bheith ag féachaint ar spórt.
6. An bhféachann tú ar spórt go rialta? Féachaim ar na cluichí móra – go háirithe sacar, iománaíocht agus leadóg.
7. An ndeachaigh tú chuig ócáid spóirt le déanaí? Chuaigh. Chuaigh mé go dtí an cluiche idir Éire agus an Úcráin. Cluiche an-chorraitheach a bhí ann.
8. Cé hiad na réaltaí spóirt is fearr leat? Is iad Elina Svitolina agus Roman Yaremchuk na réaltaí spóirt is fearr liom. Is breá leo a bheith ag traenáil go dian.
dian.
Danylo
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén sórt spóirt a thaitníonn le Danylo? 2. Cé chomh minic is a imríonn sé spórt? 3. Cá n-imríonn sé iománaíocht agus sacar? 4. An maith leis a bheith ag féachaint ar spórt? 5. Cé hiad na réaltaí spóirt is fearr leis?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Danylo (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna a fhreagairt faoin spórt i mo shaol. 240 dhá chéad daichead