Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Is mise Faraj. Tá mé i mo chónaí i gCill Chainnigh. Is aoibhinn liom an chathair álainn seo.
Is a
Tá go leor áiseanna anseo. Mar shampla, tá óstáin, bialanna, clubanna spóirt, clubanna óige, pictiúrlanna, ionad siopadóireachta agus páirceanna deasa anseo.
T b io
Tá go leor áiseanna anseo do thurasóirí freisin. Tá caisleán i lár na cathrach. Tá uaimheanna in aice láimhe freisin.
T i
Is é an club leadóige an áis is fearr liom. Imrím leadóg gach lá le mo chairde.
I g caves; nearby city
1. Cá bhfuil Faraj ina chónaí? 2. An maith leis an chathair? 3. Déan cur síos ar na háiseanna sa cheantar. 4. Ainmnigh dhá áis atá ann do thurasóirí. 5. Cad é an áis is fearr leis?
Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna seo. Ansin, cuir na ceisteanna ar an duine atá in aice leat.
1. Cá bhfuil tú i do chónaí? 2. An maith leat do cheantar? 3. Cad iad na háiseanna atá ann? 4. Cad iad na háiseanna atá ann do thurasóirí? 5. Cad í an áis is fearr leat?
Cur i láthair
Déan cur i láthair ar do cheantar ar PowerPoint nó Prezi os comhair an ranga. Tóg cúpla grianghraf nó bain úsáid as Google Street View chun pictiúir a chur leis. Luaigh na háiseanna agus na siopaí is fearr.
Táim in ann cur síos a dhéanamh ar mo cheantar. nócha a naoi 99