Léigh agus éist leis an bpíosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Colmán agus is fuath liom spórt! Tá sé leadránach agus cuireann sé soir mé!
Nuair a bhí mé óg, d’imir mé sacar ó am go ham ach níor thaitin sé liom. Is fearr liom ceol, scannáin agus cluichí ríomhaire.
Nílim ró-aclaí, le bheith macánta. Téim ag siúl ó am go ham. Uaireanta, imrím cispheil i gclós na scoile. É sin ráite, táim réasúnta sláintiúil. Ithim bia folláin gach lá.
Tá mo dheirfiúr agus m’athair ar mhalairt tuairime, áfach. Is breá le mo dheirfiúr snámh agus is breá le m’athair galf.
Déanann mo dheirfiúr snámh gach maidin. Bhuaigh sí Craobhchomórtas na hÉireann anuraidh. Chuaigh mé go dtí an rás. Bhí an t-atmaisféar go hiontach.
Féachann m’athair ar an ngalf ar an teilifís. Ní thuigim cén fáth! Tá sé an-leadránach!
it really annoys me from time to time
too fit
having said that; healthy healthy
have the opposite opinion Championship
Scríobh agus labhair lbhi
Freagair na ceisteanna in A agus in B. Ansin, cuir na ceisteanna in B ar an duine atá in aice leat.
Colún A 1 An maith le Colmán spórt? Colún B 1 An maith leat spórt?
2 Ar imir Colmán spórt nuair a bhí sé óg? 2 Ar imir tú spórt nuair a bhí tú óg? 3 An bhfuil Colmán aclaí? 4 An bhfuil Colmán sláintiúil?
3 An bhfuil tú aclaí? 4 An bhfuil tú sláintiúil?
5 An maith le teaghlach Cholmáin spórt? Cén spórt?
6 An ndeachaigh Colmán chuig ócáid spóirt riamh? Cén ócáid?
7 An bhféachann teaghlach Cholmáin ar spórt ar an teilifís? Cén spórt?
226
5 An maith le do theaghlach spórt? Cén spórt?
6 An ndeachaigh tú chuig ócáid spóirt riamh? Cén ócáid?
7 An bhféachann do theaghlach ar spórt ar an teilifís? Cén spórt?