Teideal an dáin: Bí ag caint! Cad is brí le teideal an dáin ‘Ceist na Teangan’? Cén rogha is fearr, i do thuairim? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
1 Tá fadhb ag an nGaeilge.
2 Tá fadhb ag gach teanga.
3 Níl aon fhadhb ag an nGaeilge.
Mothúcháin an dáin: Scríobh agus labhair
Cad is brí leis na mothúcháin seo? Bain úsáid as d'fhoclóir nó as www.focloir.ie. Cén mothúchán is láidre sa dán seo, meas tú? Pléigh do thuairim leis an duine atá in aice leat.
Rugadh Nuala Ní Dhomhnaill in Lancashire. Bhog sí go Gaeltacht Chiarraí nuair a bhí sí cúig bliana d’aois. Tá go leor duaiseanna buaite aici as a cuid leabhar filíochta.