Ag deireadh na caibidle seo, déanfaimid staidéar ar an amhrán ‘Fún Orm’. Léigh na línte thíos agus cuir tús le do chuid machnaimh ar an amhrán agus ar an topaic seo.
is breá liom a bheith ag úsáid suas mo chuid fuinnimh nuair a thagann sé go dtí ceol cumadh canadh
San amhrán ‘Fún Orm’, deir an liriceoir gurb aoibhinn leis ceol, cumadh agus canadh. Is breá leis fuinneamh a chaitheamh ar na trí rud sin.
Céard fút féin? An bhfuil suim agat sa cheol, sa chumadh agus sa chanadh? Cén sórt ceoil a n-éisteann tú leis? An scríobhann tú ceol? An gcanann tú?
Le linn na caibidle seo, déan machnamh ar na ceisteanna sin. Ag an deireadh, déan comparáid le daoine eile i do rang.