2. Cén fáth? Is breá liom spórt, go háirithe sciáil agus spóirt uisce.
3. An ndeachaigh tú aon áit speisialta an samhradh seo caite? Chuaigh mé go hAcaill an samhradh seo caite.
4. Cé a chuaigh in éineacht leat? Chuaigh mo theaghlach in éineacht liom.
5. Ar bhain tú sult as? Bhain mé sult is spraoi as.
6. An rachaidh tú ar saoire i mbliana? Rachaidh mé go cósta Chiarraí i mbliana.
7. Cad a dhéanfaidh tú ann? Rachaidh mé ag seoltóireacht. Táim ag tnúth go mór leis an tsaoire.
8. Cad é an áit is fearr leat in Éirinn?
Is é Sligeach an áit is fearr liom in Éirinn. Téim ag surfáil ann go minic.
Acaill
Scríobh Freagair na ceisteanna seo i do chóipleabhar. 1. Cén fáth a dtaitníonn saoirí gníomhaíochta le hAoife? 2. Cá ndeachaigh Aoife an samhradh seo caite? 3. Ar bhain sí sult as? 4. Cad a dhéanfaidh Aoife i gCiarraí? 5. Cad a dhéanann Aoife i Sligeach?
o chóipleabhar chóipleabhar Scríobh agus labhair
Freagair na ceisteanna a d’fhreagair Aoife (Ceisteanna 1–8) i do chóipleabhar. Ansin, cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. Taifead an comhrá mar chuid den MRB.
Táim in ann ceisteanna faoi mo chuid laethanta saoire a fhreagairt. 282 dhá chéad ochtó a dó h