Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Is mise Audrey. Is as Gaillimh mé. Is breá liom popcheol agus rapcheol. Thar aon rud eile, áfach, is aoibhinn liom ceol Gaelach. Éistim le ceol Gaelach gach lá.
G
Seinnim trí uirlis cheoil. Seinnim an fhidil, an bosca ceoil agus an fheadóg stáin.
S c
Thosaigh mé ag seinm ceoil nuair a bhí mé cúig bliana d’aois. Thosaigh mé leis an mbosca ceoil mar seinneann mo mháthair é.
Thosaigh mé an fhidil i rang a trí. Fuair mé ceachtanna tar éis na scoile. Thosaigh mé an fheadóg stáin sa chéad bhliain.
gg g
Caithim a lán ama ag cleachtadh. Caithim uair an chloig ar an bhfidil gach lá. Caithim uair an chloig ar an bhfeadóg stáin gach dara lá. Seinnim an bosca ceoil le mo chairde gach Déardaoin tar éis na scoile.
S
le D s
Ag an deireadh seachtaine, téim ag buscáil ar Shráid na Siopaí le triúr cairde. Seinnimid ceol Gaelach. Tuillimid beagán airgid.
A s
a S
busking we earn
lessons practising
every second day
I listen to
1. Cén sórt ceoil a thaitníonn le Audrey? Ainmnigh trí chineál. 2. Cé na huirlisí ceoil a sheinneann sí? Ainmnigh trí cinn. 3. Cathain a thosaigh sí ag seinm ceoil? 4. Cathain a thosaigh sí an fhidil? 5. Cathain a thosaigh sí an fheadóg stáin? 6. Cá fhad a chaitheann sí ag cleachtadh ar an bhfidil gach lá? 7. Cá fhad a chaitheann sí ag cleachtadh ar an bhfeadóg stáin gach dara lá? 8. Cad a dhéanann sí ag an deireadh seachtaine?
Taighde
Téigh chuig www.songsinirish.com agus éist leis na hamhráin atá sa ‘Top 10’. Cén t-amhrán traidisiúnta agus cén popamhrán is fearr leat? Déan comparáid le daoine eile sa rang.
Táim in ann labhairt faoin gceol Gaelach. céad nócha a seacht 197