1. Cárb as do Joshua? 2. Cén leasainm ar líne atá aige? 3. Cén trealamh cluichíochta atá ag Joshua sa bhaile? 4. Tabhair sampla amháin a thugann le fios gur imreoir r-spóirt iontach é Joshua. 5. An raibh tuismitheoirí Joshua tacúil i gcónaí? 6. Luaigh dhá phlean atá ag Joshua amach anseo. 7. Tá deis agat agallamh a dhéanamh le Joshua. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur air.
8. Samhlaigh gur tusa Joshua. Scríobh faoi chomórtas éigin a bhí ar siúl le déanaí. Bain úsáid as na habairtí in Alt 2 agus Alt 3 den phíosa faoi Joshua chun cabhrú leat. Luaigh na pointí seo a leanas: • an comórtas a bhí ar siúl
• an áit a raibh an comórtas ar siúl • na daoine a bhí páirteach ann • an rud ab fhearr leat faoin gcomórtas • rud amháin nár thaitin leat faoin gcomórtas • pointe amháin faoin duais.
Bí ag caint!
Cuir na ceisteanna seo ar an duine atá in aice leat. 1. An maith leat a bheith ag imirt cluichí ríomhaire? 2. An bhfuil consól cluichí agat? Cén ceann? 3. Cad é an cluiche ríomhaire is fearr leat? 4. An imríonn tú cluichí ríomhaire le do chairde nó i d’aonar? 5. An imríonn tú cluichí ar d’fhón? 6. An bhfuil tú tugtha do chluichí ríomhaire?
Táim in ann labhairt faoi chluichí ríomhaire. céad seachtó a naoi 179