Léigh agus scríobh Léigh an píosa seo agus freagair na ceisteanna a ghabhann leis.
Haigh, is mise Anna. Gan aon amhras, is é an ceol an caitheamh aimsire is fearr liom. Is breá liom a bheith ag éisteacht le ceol agus ag seinm ceoil.
Éistim le ceol Gaelach agus le popcheol. Is iad Kíla, IMLÉ agus Sult na bannaí ceoil is fearr liom. Chuaigh mé chuig ceolchoirm IMLÉ le déanaí. Bhí an cheolchoirm ar siúl san Olympia i mBaile Átha Cliath. Bhí an oíche thar barr. Bhí Seo Linn ag seinm freisin. Bhí an t-atmaisféar leictreach.
Mar a dúirt mé, seinnim ceol freisin. Seinnim an t-óbó. De ghnáth, seinnim ceol clasaiceach. Tá Grád VI déanta agam. Bhuaigh mé duais i bhFeis Cheoil na hÉireann anuraidh. Bhí bród an domhain orm. Caithim dhá uair a chloig ag cleachtadh gach tráthnóna.
Seinnim i gceolfhoireann na scoile freisin. Sheinn mé i gceoldráma na scoile anuraidh. Rinneamar The Pirates of Penzance. Thaitin sé go mór liom.
g
Stór focal mar a dúirt mé as I said usually
de ghnáth
duais a prize bród pride
1. Cad é an caitheamh aimsire is fearr le hAnna? 2. Cén sórt ceoil a n-éisteann sí leis? 3. Cé hiad na bannaí ceoil is fearr léi? 4. Cén cheolchoirm a raibh sí aici le déanaí? 5. Cá raibh an cheolchoirm ar siúl? 6. Cén uirlis cheoil a sheinneann Anna? 7. Cén sórt ceoil a sheinneann sí? 8. Cad a bhuaigh sí anuraidh? 9. Ainmnigh an ceoldráma a rinne an scoil anuraidh. 10. Scríobh síos dhá cheist ar mhaith leat a chur ar Anna faoin óbó a sheinm. (Cén sórt ceoil ...? An bhfuil aon ghrád ...? Ar bhuaigh tú ...? Cé mhéad cleachtaidh ...?)